top of page
Milltown House

Cuir do lóistín in áirithe i Milltown House inniu!

Milltown House

Is tigh lóistín galánta é Milltown House atá ag féachaint amach ar chuan aoibhinn Dhaingean Uí Chúis. Is é an treoraí iomráiteach Stephen McPhilemy atá i bhfeighil an tí chomh maith le Patrick Wade, fiontraí Éireannach-Meiriceánach. Tá an áit seo ana-oiriúnach do shaoire teaghlaigh nó do shaoire le do ghrá geal. Tá 17 seomra leapan galánta againn agus radharcanna mara amach as 5 cinn acu siúd.

 

Tá an tigh lóistín suite ar dhá acra de ghairdíní áille cois farraige agus tá páirceáil ar fáil ar an láthair. Lig do scíth i mbeár Robert Mitchum agus bain súp as do thráthnóna i gcroí lár an Daingin.

Fúinn

Is tigh lóistín galánta é Milltown House a bhfuil gradaim buaite aige agus a bhfuil stair agus draíocht ag baint leis. Cuirfear fáilte chroíúil Éireannach romhat anseo agus ní bheidh aon easpa compoird ort sa tigh stairiúil seo. Faigh amach a thuilleadh faoi Milltown House anois!

The Milltown House
The Milltown House
Historic Dingle Tours
Weddings

Gradaim

Is cúis bhróid dúinn é go bhfuil gradaim lóistín bainte amach againn as feabhas ár bhfáilte, na nithe uathúla a chuirimid ar fáil agus as feabhas an tseirbhís chustaiméara. Tá a thuilleadh eolais maidir leis na gradaim atá bainte amach againn ar an leathanach Gradaim.

Turasanna

Is breá linn cuairteoirí a chur ar an eolas faoinár stair agus ár gcultúr. Tá go leor le foghlaim ó na Historic Dingle Tours chomh maith le turasanna siúlóide laethúla a chuirimid ar fáil sa Daingean agus turasanna treoraithe timpeall Chinn Sléibhe agus Chorca Dhuibhne.

Póstaí

Is féidir pósadh le idir 20-30 duine a bheith agat anseo i Milltown House. Tá lóistín galánta, compordach ar fáil, gairdíní cois farraige agus seomraí áille fáiltithe chomh maith. Oibrímid i gcomhpháirtíocht le lónadóirí áitiúla agus tá beár ceadúnaithe againn ionas go mbeidh ócáid saoráideach, príobháideach agus speisialta agat.

Dining & Bar
Accommodation
Weddings

Bia agus Beár

Tá bricfeast déanta le bia áitiúil ar fáil ar maidin sa ghrianán le radharcanna amach ar bhá an Daingin. Sa tráthnóna, lig do scíth sa Robert Mitchum Bar, áit deas cluthair chun deoch a bheith agat agus a bheith ar do chompord. Tús agus deireadh den scoth le do lá.

Lóistín

Tá 17 seomra codlata compordach ar fáil sa tigh agus tá radharc mara amach as 5 cinn acu. Tá seomra folctha en suite iontu ar fad, éadaí leapan compordacha agus áiseanna deasa. Áit ana-oiriúnach do shaoire rómánsúil nó do thuras teaghlaigh. Tá draíocht agus compord ag feitheamh leat anseo i gcroílár an Daingin.

Cuir in áirithe

Tar chugainn agus bain súp as draíocht Milltown House, tigh lóistín galánta, féiltiúil i nDaingean Uí Chúis. Cuirfidh tú aithne ar na cuite faoil, Séamus agus Saoirse. Cuir do sheomra in áirithe anois.

Na Cuite Faoil

Táimid ana-mhór ar fad lenár gcuite faoil, Séamus agus Saoirse. Tá Séamus agus a chompánach Saoirse ina gcónaí anseo sa tigh agus tá an n-ainm in airde anseo in Éirinn mar fhathaigh cneasta caoine. Ní hamháin go mbeidh radharcanna agus fáilte iontach romhat anseo ach beidh an dá ghadhar croíúil seo mar chomhluadar agat chomh maith. Ní féidir teacht anseo gan bualadh leo agus b’fhéidir croí isteach mór a thabhairt dóibh.

The Milltown House

Ár Suíomh

Ag siúl go dtí an Baile:
Ó phríomhdhoras The Milltown House, níl sé ach 15 nóiméad go dtí na tithe tábhairne, an oifig turasóireachta, agus na bialanna cois Dingle Marina. Táimid lonnaithe ar thaobh 'Western', 'Milltown', nó 'Slea Head Drive' an bhaile. Trasnaíonn tú Milltown Bridge i dtreo an 'Slea Head Drive' agus ansin casann tú ar chlé láithreach. Is muid an teach cónaithe mór le rá cois uisce ar Chuan an Daingin; baineann ár n-aíonna taitneamh as radhairc ghlórmhara farraige agus suíomh aoibhinn ar bhóthar ciúin, síochánta cul-de-sac.

Tacsaithe (Taxis)

Tógann turas tacsaí 5 nóiméad tú go lár an Daingin.

Is iondúil go mbíonn an costas timpeall €6 an carr in aghaidh an turais.

Is féidir uaireanta formhuirear breise de €1 nó €2 in aghaidh an duine a chur leis san oíche.

Is fearr seiceáil leis an tiománaí sula dtosaíonn tú ar do thuras gearr.

Panoramic view of the sea and land with  visible text The Milltown House.
Night scene of a bright full moon over calm water and lights.
!
Widget Didn’t Load
Check your internet and refresh this page.
If that doesn’t work, contact us.
bottom of page